top of page
Search

Turas Treoraithe - Cathair Dhoire

  • Writer: eirinnnilochlainn9
    eirinnnilochlainn9
  • Mar 30
  • 1 min read

Bhí turas lae ag Glór Mhachaire Fíolta go Doire ar an 22ú Márta 2026. Bhí an turas seo thar a bheith rathúil, ag tabhairt grúpa iontach le chéile do lá suaimhneach agus sultmhar.

Bricfeasta iontach in An Croí Thosaigh an mhaidin le turas ó Mhachaire Fíolta go dtí An Croí do bhricfeasta te, áit ar bhain gach duine sult as comhrá agus ar chuir achan duine aithne ar a chéile.

Ba é buaicphointe an lae ná siúlóid treoraithe trí Chathair Dhoire le Michael Joseph McGrory, ag tairiscint léargais úrnua ar stair, cultúr agus príomhshuíomhanna na cathrach. Bhí an aimsir maith agus bhain an grúpa an-sult as an tsiúlóid seo.














Nuair a bhain gach duine Machaire Fíolta amach, ba léir go raibh lá sultmhar ag achan duine, lá a léirigh an mana “Ó Neart go Neart – From Strength to Strength.”


 
 
 

Comments


bottom of page