top of page
Search

Feis 2026

Writer: Maria Bateson
Maria Bateson
2 days ago
1 min read

Ar an Satharn, an 14ú lá de mhí na Samhna, bhí an chéad Fheis riamh againn i nGaelscoil an tSeanchaí. Léirigh daltaí ó Naíscoil go Rang 7 a gcuid buanna san amhránaíocht, sa chomhrá, san ealaín agus san fhilíocht, rud a rinne ceiliúradh iontach ar an Ghaeilge agus ar an chultúr Ghaelach.


Bhí sé ar dóigh fáilte a chur roimh theaghlaigh agus daoine ó phobal na scoile i gcoitinne lena dtacaíocht agus spreagadh a thabhairt dár ndaltaí.


Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt, agus buíochas ó chroí leis na múinteoirí agus leis na tuismitheoirí a chuidigh leis an ullmhúchán agus a rinne cinnte de gur éirigh chomh maith sin leis an lá.


Tá muid ag dúil go mór leis an Fheis a dhéanamh ina buaicphointe bliantúil i bhféilire na scoile. Mol an óige agus tiocfaidh sí!


Amhránaíocht



Comhrá



Ealaín



Filíocht



 
 
 

Comments


bottom of page