Turas Gaeltachta
- Maria Bateson
- May 15
- 1 min read
Thaistil grúpa againn chuig sráidbhaile Gaeltachta Bhun Bheag ag tús mhí na Bealtaine; ceantar le radhairc dhochreidte agus tránna gan mhilleadh máguaird.
I rith ár gcuid ama ansin, bhain muid sult as réimse gníomhaíochtaí, cosúil le turas báid go hInis Bó Finne, agus turas treoraithe thart ar Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Bhí dinnéar agus ceol beo i dteach Sheáin Óig agus i dTábhairne Leo, le bailchríoch a chur ar na laethanta.
Tá muid ag dúil go mór leis an chéad cheann eile cheana féin!
Coinnigh súil amach ar ár leathanaigh Facebook agus Instagram fá choinne na sonraí den chéad imeacht eile.














Comments